Luíochán Chúil na Cathrach, Iarthar Chorcaí, Éire

Scéal faoi choinbhleacht agus íobairt le linn Chogadh na Saoirse, 25 Feabhra 1921

Léarscáil idirghníomhach an luíocháin

Eochair eolais na léarscáile idirghníomhaí (after Bailey 2008)

Dul chun cinn an luíocháin: sleamhnaigh ar dheis chun teacht ar ionaid tosaigh an luíocháin, sleamhnaigh ar chlé chun teacht ar ionaid de réir mar a chuaigh an luíochán ar aghaidh. Tabhair faoi deara: faightear difríochtaí i ráitis finnéithe maidir le conas a d’fhorbair an luíochán. (Léarscáil bunaithe ar Bailey 2008 agus mionathruithe le K Hanley inti.)


Iarrachtaí chun láthair an luíocháin a thuiscint tuilleadh

Agus an bealach is dealraithí a roghnófar á mheas don stráice 22 km de bhóthar N22, d’aithin Comhairle Contae Chorcaí láthair an luíocháin i gCúil na Cathrach mar láthair thábhachtach ó thaobh na hoidhreachta cultúrtha de, in ainneoin nach bhfuil aon chosaint reachtúil aici.

Taighde

Chun tuiscint níos fearr a fháil ar an láthair, rinne Comhairleacht Seandálaíochta na hÉireann Teo. miontaighde stairiúil (féach Bailey 2008) mar chuid de mheasúnacht tionchair timpeallachta le Comhairleoirí McCarthy Hyder Teo. thar ceann Chomhairle Contae Chorcaí. Bunaithe ar an taighde seo, dearadh bóthar nua N22 chun an tionchar ar an áit a dtuigtear gurb í príomhfhócas an chomhraic mhíleata i gCúil na Cathrach a laghdú (féach an léarscáiliú thíos). Mar chúiteamh ar na srianta timpeallachta agus innealtóireachta eile ar fad a chuir isteach ar an scéim, níorbh fhéidir láthair an luíocháin a sheachaint ina hiomláine, áfach.

Sular cuireadh tús le tógáil an bhóthair nua, rinneadh roinnt imscrúduithe láithreáin thar ceann Chomhairle Contae Chorcaí mar iarracht chun comhthéacs tírdhreacha an luíocháin a thuiscint tuilleadh. Ó thaobh lámhach isteach agus amach de, léiríodh i gcuntas a bhí ar fáil go raibh príomhfhócas ghníomhaíocht an luíocháin lasmuigh de theorainn an bhóthair nua, rud a laghdaíonn an seans go dtiocfar ar dhéantáin atá fós ann. 

Suirbhé miotalbhraite

Rinne Rubicon Heritage Services Ltd, faoi stiúir Damian Sheils atá ina speisialtóir ó thaobh seandálaíocht na láithreacha catha de, suirbhé miotalbhraite ar an stráice d’ailíniú bhóthar nua N22 a théann trasna cuid de thír-raon an luíocháin. Níor aithníodh aon ábhar neamhiarainn nó aon ábhar a bhaineann leis an gcath sa suirbhé, cé gur chuir tír-raon agus talamh dona bac ar an suirbhé in áiteanna.

Tochailtí tástála

Rinneadh tochailtí tástála freisin. In ainneoin roinnt srianta, mar gheall ar an tír-raon carraigeach, rinne Rubicon Heritage Services Ltd. iniúchadh ar 1272 méadar líneach de thrinsí tástála. Níor thángthas ar aon ghné nó iarsma a bhain leis an luíochán sa tástáil seo.

Taighde amach anseo

Cé gur thug an taighde stairiúil tuiscint níos fearr dúinn ar imeachtaí an luíocháin in 1921, ach ó thaobh mhionsonraí an chomhraic de, tá go leor de chuntais na bhfinnéithe agus cuntais chomhaimseartha a taifeadadh frithráiteach agus cuirtear ina gcoinne i gcásanna áirithe. Is é tuairim na coitiantachta, áfach, go raibh an comhrac dírithe ar dhá sheanteachín go príomha, mar nach ndeachaigh an conbhua Cúnta an bealach ar fad isteach go dtí ceantar beartaithe an luíocháin. Ina thaobh seo, tá príomhcheantar an chomhraic fós lasmuigh de líne bhóthar nua N22 — rud a léirítear, b’fhéidir, i dtorthaí an tsuirbhé mhiotalbhraite agus i dtorthaí na dtástálacha ar na trinsí. Mar sin, d’fhéadfaí tuilleadh suirbhéanna nó iniúchtaí seandálaíochta ar an láthair chatha a dhéanamh san áit ar tharla an chuid ba mhó den chomhrac.

Suirbhé miotalbhraite ar siúl ag cuid de láthair luíochán Chúil na Cathrach. (Grianghraf de chuid Rubicon Heritage Services Ltd.)

Ach an barra sleamhnáin a úsáid, sleamhnaigh ar dheis chun teacht ar cheantar an luíocháin (a thaispeánann ionaid tosaigh agus príomhcheantar na troda) agus sleamhnaigh ar chlé chun teacht ar ailíniú bhóthar nua N22. (After Bailey 2008.)


Buíochas

Cuireadh an Léarscáil Scéil ar líne le chéile thar ceann Bhonneagar Iompair Éireann agus Chomhairle Contae Chorcaí le haghaidh chomóradh céad bliain luíochán Chogadh na Saoirse i gCúil na Cathrach, a tharla maidin 25 Feabhra 1921 in iarthar Chontae Chorcaí, Éire. 

(An English translation of this Story Map is available at the following  link .)

Tiomsú na Léarscáile Scéil 

Seandálaí Tionscadail Ken Hanley (Bonneagar Iompair Éireann) agus Seandálaí Cónaitheach Ed Lyne (Comhairle Contae Chorcaí). Céad Míle Focal a d’aistrigh go Gaeilge.

Oifig Chorcaí um Dhearadh Bóithre Náisiúnta

Innealtóir Sinsearach (ar scor) Bob O’Shea, Innealtóir Sinsearach Feidhmiúcháin Mary Flynn

Maoirseacht ar Láthair Thionscadal N22

Innealtóir Cónaitheach an Tionscadail Pierre O’Loughlin

Foireann maoirseachta na Léarscáile Scéil

Ken Hanley, Ed Lyne, Mary Flynn agus Jonathan Noonan

Comhairleoirí Seandálaíochta (Measúnacht Tionchair Timpeallachta)

Comhairleacht Seandálaíochta na hÉireann Teo. (Faith Bailey)

Comhairleoirí Seandálaíochta (tástáil seandálaíochta agus suirbhé miotalbhraite)

Rubicon Heritage Services Ltd (Trish Long, Ross McLeod, John O'Connor agus Damian Sheils)

Ábhar taighde Chnoc na Rathúnaí

Aidan Harte (Munster Archaeology)

Sleachta scannáin as The Dawn (a cuireadh amach mar The Dawn Over Ireland sna Stáit Aontaithe)

© Cóipcheart: Hibernia Films, Léiriúchán Thomas G Cooper. Gach ceart ar cosaint. Cóip curtha ar fáil le caoinchead ó Mhuintir Cooper le haghaidh na Léarscáile Scéil seo amháin.

Buíochas ar leith le

Leabharlann Náisiúnta na hÉireann, Músaem Poiblí Chorcaí, Músaem na Saoirse Chill Mhuire, Paul O'Keeffe agus Mary O Mahony 

Conraitheoir Innealtóireachta

Comhfhiontar idir Jons Civil Engineering Ltd agus John Cradock Ltd.

Bonneagar Iompair Éireann

Paul Moran (Bainisteoir Réigiúnach), Obey Mhondera (Cigire Sinsearach Innealtóireachta), Ronan Swan (Ceannasaí na Seandálaíochta agus na hOidhreachta) agus James Eogan (Seandálaí Sinsearach).

Eochair eolais na léarscáile idirghníomhaí (after Bailey 2008)

Suirbhé miotalbhraite ar siúl ag cuid de láthair luíochán Chúil na Cathrach. (Grianghraf de chuid Rubicon Heritage Services Ltd.)

Dul chun cinn an luíocháin: sleamhnaigh ar dheis chun teacht ar ionaid tosaigh an luíocháin, sleamhnaigh ar chlé chun teacht ar ionaid de réir mar a chuaigh an luíochán ar aghaidh. Tabhair faoi deara: faightear difríochtaí i ráitis finnéithe maidir le conas a d’fhorbair an luíochán. (Léarscáil bunaithe ar Bailey 2008 agus mionathruithe le K Hanley inti.)

Ach an barra sleamhnáin a úsáid, sleamhnaigh ar dheis chun teacht ar cheantar an luíocháin (a thaispeánann ionaid tosaigh agus príomhcheantar na troda) agus sleamhnaigh ar chlé chun teacht ar ailíniú bhóthar nua N22. (After Bailey 2008.)